Skip to main content

WCWSPR26159 Filíocht na hArdteistiméireachta

WCWSPR26159 Filíocht na hArdteistiméireachta

 

 

Tabharfar léargas ar fhilíocht na hArdteistiméireachta 2026. Déanfar na dánta a iniúchadh agus a chíoradh go mion. Roinnfear tascanna cruthaitheacha chun daltaí a spreagadh agus ceisteanna scrúduithe chun scileanna anailíse a fheabhsú sa rang.

Faoi dheireadh na ceardlainne beidh:

  • Scileanna maidir le múineadh na filíochta
  • Tuiscint ar na dánta agus ar théamaí an chúrsa
  • Modhanna éifeachtacha chun freagraí filíochta a scríobh
  • Anailís ar an gcóras marcála
  • Conas suim agus rannpháirtíocht daltaí a mhúscailt tríd an bhfilíocht

Cainteoir:

Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Event Properties

Dáta an Chúrsa / Course Date 09-02-2026 5:00 pm
Event End Date 09-02-2026 6:00 pm
Cut off date 09-02-2026 5:00 pm
Fee External booking
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Number Hours 1
Course Format Online
Suíomh | Location Online

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars