Skip to main content

WCWSPR26194 Litríocht Bhreise na hArdteistiméireachta 2027: Dordán

 

Litríocht Bhreise na hArdteistiméireachta 2027: Dordán

Sa seimineár gréasáin seo, scrúdófar an téacs Dordán i gcomhthéacs na hArdteistiméireachta 2027. Pléifear téamaí, teicnící liteartha, agus straitéisí teagaisc a chabhróidh le múinteoirí. Cuirfear béim ar chur chuige praiticiúil sa seomra ranga, ar cheisteanna ardleibhéil, agus ar ullmhúchán scrúdaithe.

Torthaí Foghlama:

  • Scileanna maidir le múineadh na filíochta
  • Tuiscint ar an úrscéal agus ar na téamaí atá ann
  • Modhanna éifeachtacha chun freagraí a scríobh
  • Anailís ar an gcóras marcála
  • Conas suim agus rannpháirtíocht daltaí a mhúscailt san úrscéal

Cainteoir:

Siobhán Ní MhurchúIs múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga T1 & T2. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht. D’oibrigh sí le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa. Faoi láthair, tá sí ag obair le Studyclix mar shaineolaí ábhar ar a n-ardán nua - Irish Boost.

Event Properties

Dáta an Chúrsa / Course Date 02-03-2026 5:00 pm
Event End Date 02-03-2026 6:00 pm
Cut off date 02-03-2026 4:00 pm
Fee Free
Speaker Siobhán Ní Mhurchú-
Number Hours 1
Course Format Online
Suíomh | Location Online

Registration closed

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars