WCWSPR26161 Ceapadóireacht na hArdteistiméireachta - Gaeilge Ardleibhéal

WCWSPR26161 Ceapadóireacht na hArdteistiméireachta - Gaeilge Ardleibhéal

 

 

Tá an cheardlann seo deartha do mhúinteoirí Gaeilge iar-bhunscoile atá ag iarraidh cur chuige soiléir agus praiticiúil a thabhairt dá gcuid daltaí sa cheist cheapadóireachta Ardleibhéil. Díreofar ar ghnéithe den scrúdú scríofa agus ar an nasc nádúrtha leis an mbéaltriail.

Pléifear:

  • Topaicí coitianta a thagann chun cinn sna haistí agus sna díospóireachtaí
  • Córas marcála an scrúdaithe agus conas é a mhíniú do dhaltaí
  • Leagan amach na haiste
  • Leagan amach na díospóireachta
  • An nasc idir an scríbhneoireacht agus na scileanna cumarsáide ó bhéal

Is deis luachmhar í an cheardlann seo do mhúinteoirí acmhainní praiticiúla agus straitéisí múinteoireachta a fháil chun cabhrú lena gcuid daltaí barr feabhais a bhaint amach i gCeapadóireacht Ardleibhéal na hardteistiméireachta.

Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:

  • Míniú soiléir a thabhairt ar struchtúr na haiste agus na díospóireachta.
  • Úsáid a bhaint as an gcóras marcála chun aiseolas spriocdhírithe agus éifeachtach a chur ar fáil do dhaltaí.
  • Straitéisí teagaisc a chur i bhfeidhm chun cruthaitheacht agus cruinneas agus a fhorbairt i scríbhneoireacht na ndaltaí.

Cainteoir:

Siobhán Ní Mhurchú

Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Event Properties

Dáta an Chúrsa / Course Date 24-02-2026 5:00 pm
Event End Date 24-02-2026 6:00 pm
Cut off date 24-02-2026 5:00 pm
Fee External booking
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Number Hours 1
Course Format Online
Suíomh | Location Online